http://www.springalive.net
Home   ›   Storc bán   ›   Migrations
Drukuj
Send to friend

Storc bán

Téann an Storc bán ó dheas don geimhreadh – bíonn orthu é seo a dhéanamh chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil go leor bia ar fáil; níl sé éasca an bia a itheann siad a fháil i dtuaisceart na hEorpa i rith an gheimhridh. Geimhríonn roinnt de na héin i ndeisceart na Spáinne, agus téann roinnt eile acu níos faide ó dheas go dtí lár na hAfraice. Is féidir leo taisteal suas le 12,000 km!
Taistealaíonn siad i rith an lae amháin, agus chun a bheith in ann turais fhada a dhéanamh, bíonn orthu eitilt go han ard ar na sruthanna aeir te ar a dtugtar teirmeacha orthu. Ní fhéadtar teirmeacha a fheiceáil – is colúin aeir iad, aer te atá ag éirí. Nuair a théann Storc isteach i dteirmeach, éiríonn sé leis an aer. Nuair a thagann an Storc amach ag barr an teirmeach, is féidir leis taisteal i bhfad agus é ar foluain anuas.
Tá sé i bhfad nos éasca do na héin taisteal le chéile in ealtaí móra. Nuair a éiríonn le héan amháin teirmeach a aimsiú, leannann na héin eile an t-éan seo agus éiríonn siad ar an aer. Dá mhéid éan a thaistealaíonn le chéile, is amhlaidh go bhfuil sé níos éasca dóibh teirmeach maith a aimsiú – sin an fáth go bhfuil ealtaí móra in ann taisteal níos tapúla ná na héin a thaistealaíonn ina aonair. Sa bhfómhar, is féidir leat ealtaí de suas le 10,000 éan a fheiceáil i roinnt áiteanna.
RSPB

Mitsubishi Corporation