De ghnáth, níl Stoirc bhán le feiceáil in Éirinn, ach mar chuairteoirí annamha, agus mar sin de níl ach seans beag agat iad a fheiceáil anseo. Tá an Storc le feiceáil go coitianta in áiteanna eile san Eoraip, áfach, agus mar sin de, coimeád do súile oscailte má bhíonn tú ar saoire thar lear.
Is lapairí arda iad le muineál fada, cosa fada dearga agus gob dearg, biorach díreach. Déanann clúmh bán a cheann, a mhuineál agus a chorp codarsnacht le cleití dubha a sciatháin ina bhfuil niamh chorcra agus ildathú glas le feiceáil. Tá paiste craicinn beag dubh acu timpeall a súile donna.
Tá sé an-éasca freisin aithne a chur ar an nglór a dhéanann an Storc – úsáideann siad a goib i slí uathúil chun cliotar a dhéanamh, cliotar atá cosúil le bataí tanaí ag bualadh i gcoinne a chéile.
Is í an slí is éasca Storc a fheiceáil ná ar a nead, ach is féidir leat iad a fheiceáil freisin i gcluana fliucha agus i bpáirceanna inar gearradh an féar le déanaí.
Tá neadacha móra ag an Storc in áiteanna arda le radhairc maithe thart timpeall. Is féidir leat an Storc a fheiceáil san Eoraip ó Mhárta go deireadh Lúnasa.
Conas is féidir liom idirdhealú a dhéanamh idir Storc bán óg agus Storc fásta?
Tá na héin fireannaigh agus baineannaigh cosúil lena chéile, ach éin beagáinín níos mó iad na héin fireannaigh. Tá gob liath agus cosa dearga neamhlonracha ag na héin óga. Tá dath níos scothliath orthu freisin ná a dtuismitheoirí bán sneachta.
Cad a itheann siad?
Itheann siad creimirí, cuiteoga, cruimhí agus gach saghas reiptíle agus débheathaigh beag. Níl rogha bia áirithe acu - itheann siad beagnach gach ainmhí atá ina chónaí ina limistéar áitiúil.
Neadacha na Storc
Ón Mheánaois ar aghaidh, tá struchtúir shaorga á úsáid ag na Stoirc bhán Eorpacha chun a neadacha a thógáil. Féadtar iad a fheiceáil ar dhíonta, túir, simléir, cuaillí teileafóin, ballaí, cruacha féir, agus ar thúir neide a togáladh go speisialta. Fileann siad ar an áit chéanna, nó in aice leis an áit chéanna gach bliain, mar éin ghoir. Déanann na héin óga gach iarracht áit in aice lena háit bhreithe a phiocadh amach – tá neadacha ann fiú amháin atá á úsáid ar feadh na céadta blianta!
Geimhriú
Geimhríonn na Stoirc bhána i lár na hAfraice.
Líon na Storc san Eoraip
Ar an drochuair, níl Stoirc bhána le feiceáil ach i roinnt tíortha san Eoraip. Le linn na haoise deiridh, tá laghdú tagtha ar an méid Storc a filleann ar an Eoraip. Is dócha go bhfuil sé seo ag tarlú mar thoradh ar athrú aeráide agus ar na gnáthóga bogaigh a cailleadh.