http://www.springalive.net
Home   ›   Cuach   ›   Migrations
Drukuj
Send to friend

Cuach

Tagann an Chuach ón Afraic teochriosach go dtí an Eoraip sa samhradh. Sroicheann siad an Eoraip idir lár Aibreán agus tús Bealtaine, nuair a bhíonn tú in ann a hamhrán aitheanta “cu-ckoo” a chloisint in a lán áiteanna faoin tuath.
Tá Cuacha fásta i measc na cuairteoirí samhraidh a fhágann an Eoraip ar dtús. Níl orthu fanacht timpeall chun a sicíní a thógáil, agus dá bhrí sin is féidir leo imeacht. Imíonn an chuid is mó acu in Iúil agus imíonn na Cuacha óga timpeall mí ina dhiaidh sin, nuair a bhíonn siad fásta. Ní fheiceann siad a dtuismitheoirí in aon chor.
Níl a lán eolas again ar bhealaí imirce na Cuaiche. Is dócha go dtaistealaíonn siad trí lár na hEorpa go deisceart na hIodáile, áit ina thógann siad "connadh" roimh an turas a dhéanamh go dtí an Afraic. Ní dhéanann na Cuacha aon ghlór san Afraic, agus dá bhrí sin, ní thugtar a lán aird don chuid is mó acu.
RSPB

Mitsubishi Corporation