http://www.springalive.net
Home   ›   Fáinleog   ›   Migratons
Drukuj
Send to friend

Fáinleog

De ghnáth, sroicheann an Fáinleog an Eoraip i lár Aibreán, tar éis turas de 10,000 km a dhéanamh óna suíomh geimhrithe i ndeisceart na hAfraice. Caitheann siad timpeall 4 seachtain ag taisteal, agus is iad na fireannaigh atá le feiceáil ar dtús de ghnáth. Bíonn an chuid is mó de na Fáinleoga ag pórú roimh tús Bealtaine.
Agus tús Meán Fómhair ag teacht, bíonn an chuid is mó de na Fáinleoga ag ullmhú chun taisteal ar ais go dtí an Afraic. Bíonn siad ag eiteallach anseo is ansíud, agus bíonn siad le feiceáil go minic in ngrúpaí ar sreanga teileafóin. Fágann an chuid is mó acu an tír i Meán Fómhair, agus is iad na héin óga a théann ar dtús, ach bíonn ceann nó dhó le feiceáil ó am go ham i nDeireadh Fómhair freisin.
Caitheann siad timpeall sé seachtain ag freastal ar ais ar an Afraic. Téann na Fáinleoga ó limistéir Eorpacha dhifriúla go ceannphointí difriúla; téann an chuid is mó acu a bhíonn ag pórú in Éirinn go dtí an Afraic Theas.
Taistealaíonn na Fáinleoga i rith an lae, ag eitilt go h-íseal. I rith na hóiche, téann siad ar an bhfara i sraith ghiolcach sna háiteanna a stopann siad go traidisiúnta.
Le linn na blianta anuas, bíonn ceiliúir ag daoine nuair a thagann an Fáinleog ar ais, mar taispeánann sé go bhfuil an samhradh ag teacht.
RSPB

Mitsubishi Corporation