Tá dath donn dorcha ar an Gabhlán gaoithe, ach nuair a fheiceann tú é ag eitilt ceaptar gur éan dubh é. Tá sciatháin fada cosúil le speal aige agus eireaball gearr, gabhlach. Ceapann a lán daoine gur Fáinleog atá ann, ach tá sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir eatartha nuair a chuimhnítear nach bhfuil sciatháin lúbtha ag an Gabhlán gaoithe nuair a bhíonn sé ag eitilt. Ina theannta sin, ní fheiceann daoine an t-éan seo ag tuirlingt – tá a neadacha ceilte i ndíonta agus bíonn siad ag eitilt go h-an tapaidh nuair a bhíonn siad ag teacht agus ag imeacht ón nead. Tá saol fada ag an Gabhlán gaoithe, rud uathúil d'éan – tá roinnt éan ann atá 21 bliana d'aois orthu!
Murab ionann agus an Fáinleog, ní héan fara é an Gabhlán gaoithe. Féadtar iad a fheiceáil ag eitilt anonn agus anall le chéile go tapaidh timpeall na díonta agus na tithe ag scréachadh, sna bailte agus na cathracha don chuid is mó, go háirithe agus é ag éirí dorcha. Éan eitilte iontach é an Gabhlán gaoithe, agus caitheann siad an chuid is mó dá shaol ag eitilt, ach amháin chun éiníní óga a thógáil – is féidir leo dul a chodladh fiú amháin nuair a bhíonn siad ag eitilt!
Is í an áit is fearr chun súil a choimeád orthu ná i limistéir faoi fhoirgnimh, mar déanann siad a neadacha a thógáil sna méirscrí agus sna poill i bhfoirgnimh, agus ó am go ham i mboscaí neide a soláthraíodh go speisialta. Cuimhnigh go bhfuil a lán Gabhláin ghaoithe le feiceáil sna bailte agus sna cathracha, ach níl sé chomh héasca iad a fheiceáil faoin tuath.
Conas is féidir liom idirdhealú a dhéanamh idir Gabhlán gaoithe agus Fáinleog?
Éan i bhfad níos mó ná an Fáinleog é an Gabhlán gaoithe, le sciatháin níos faide, agus i bhfad níos caoil, cosúil le speal aige. Tá sciatháin níos “solúbtha” ag an Fáinleog, agus is féidir leat iad a fheiceáil ag lúbadh agus an t-éan ag eitilt. Tá eireaball níos faide ag an Fáinleog atá i bhfad níos gabhlaí.
Cuimhnigh go bhfuil níos mó Fáinleoga le feiceáil faoin tuath de ghnáth, cé go bhfuil níos mó Gabhláin ghaoithe sna cathracha.
Cad a itheann siad?
Ní itheann siad ach feithidí eitilte agus damháin alla beaga a bhíonn ar foluain san aer.
Neadacha na Gabhlán gaoithe
Déanann an Gabhlán gaoithe a nead a thógáil i spásanna folamh i bhfoirgnimh agus fothracha, i bpoill doimhne idir brící, i bpoill aeir, faoi leacáin agus i gcuasa ceilte, idir carraigeacha, i logáin agus i mboscaí neide speisialta.
Bíonn nead cosúil le babhla ag an Gabhlán gaoithe. Úsáideann sé gais féir éadroma, duillí, cleití, caitíní planda, peitil, caonach, síolta agus bruscar (m.sh. píosaí páipéir agus araile), agus úsáidtear seile chun iad a chur le chéile chun a nead a thógáil.
Suímh geimhrithe
Geimhríonn an Gabhlán gaoithe san Afraic, taobh theas den Sahára, agus téann cuid acu chomh fada is an Afraic Theas.
Líon na Ghabhlán gaoithe san Eoraip
Is speiceas láidir í an Gabhlán gaoithe agus tá líon an Ghabhláin ghaoithe cobhsaí go leor ann san Eoraip faoi láthair.