Like most websites we use cookies. If you're happy with that, just carry on as normal - otherwise to find out more click here.
   
Home   ›   Fáinleog
sound offsound on
Drukuj
Send to friend

Fáinleog

Is éin bheaga iad Fáinleoga, le dromanna dúghorma miotalacha, scornacha scothdhearga, boilg bána agus eireabaill fada, gabhlacha cosúil le sraoilleán. Nuair a bhíonn siad ag eitilt ceapann a lán daoine gur héin dubha atá ann – féadtar a n-eireaball fada agus an slí bhearrtha a úsáideann siad nuair a bhíonn siad ag eitilt a úsáid chun aithne a chur orthu. Tá siad le feiceáil go coitianta ar fud na hÉireann idir Aibreán agus Meán Fómhair.
Bíonn Fáinleoga ag grágarsach agus ag plubaireacht lena chéile nuair a bhíonn siad ina suí ar sreanga nó ar éadain foirgnimh - is féidir leo daoine a dhúiseacht fiú amháin! Tagann siad ó dheas go dtí an Eoraip san Earrach mar éin ghoir, déanann siad a neadacha a thógáil agus tugann siad aire do na héin óga.
Úsáideann Fáinleoga meascán de sheile agus láib chun neadacha cosúil le babhla beag a thógáil. Déanann siad é seo go minic laistigh de seideanna agus foirgnimh eile.

Conas is féidir liom idirdhealú a dhéanamh idir Fáinleog agus Gabhlán gaoithe?
Éan i bhfad níos mó ná an Fáinleog é an Gabhlán gaoithe, le sciatháin níos faide, agus i bhfad níos caoil, cosúil le speal aige. Tá sciatháin níos “solúbtha” ag an Fáinleog, agus is féidir leat iad a fheiceáil ag lúbadh agus an t-éan ag eitilt. Tá eireaball níos faide ag an Fáinleog atá i bhfad níos gabhlaí.
Cuimhnigh go bhfuil níos mó Fáinleoga le feiceáil faoin tuath de ghnáth, cé go bhfuil níos mó Gabhláin ghaoithe le feiceáil sna cathracha.
Conas is féidir liom idirdhealú a dhéanamh idir Fáinleoga óga agus Fáinleoga fásta?
Éin beagáinín níos lú iad Fáinleoga óga, le heireabaill níos giorra ná a dtuismitheoirí. Má tá tú i do chónaí ar feirm, is dócha go mbeidh tú in ann nead a fheiceáil sna sean-fhoirgnimh, faoi bíoma adhmaid nó rachta. Má bhíonn tú an-chiúin tá seans ann go mbeidh tú in ann beagáinín de shaol teaghlaigh na Fáinleoige a fheiceáil – b'fhéidir go mbeidh na tuismitheoirí ag tabhairt feithidí go dtí na sicíní.
Cad a itheann siad?
Feithidí eitilte don chuid is mó, nó feithidí a ghabhann siad ag eitilt anios agus arís nuair a bhíonn siad ar an talamh nó ar an uisce; gabhann siad feithidí go hannamh freisin nuair a bhíonn siad ina suí ar phlandaí nó ar an talamh.
Neadacha na Fáinleog
De ghnáth, bíonn an nead faoi cheilt i bhfoirgneamh nó faoi droichead. De ghnáth, is ceathrú-sféar í atá déanta de láib nó cré le meascán de ghais féir fada agus tuí. Bíonn sí ceangailte le balla, le bíoma nó le coirnis de ghnáth, agus bíonn bealach isteach amháin ann ar barr.
Suímh geimhrithe
Geimhríonn na héin Eorpacha in iarthar na hAfraice, ón Mheánchiorcal go dtí cósta deiscirt na h-ilchríche.
Líon na Fáinleog san Eoraip
Is speiceas láidir í an Fháinleog agus tá líon na Fáinleoige cobhsaí ann san Eoraip faoi láthair, ach féadfaidh an damáiste a dhéantar dá dtimpeallacht agus dá gcomharsanacht nádúrtha cuir isteach ar a dtodhchaí.

Spring Alive is supported by

HC Group