Éan cosúil leis an Colmán í an Chuach, le ceann agus droim ar liath na luatha agus bolg bán le línte dorcha. Níl sé éasca iad a fheiceáil; má fheiceann tú cheann, is cosúil le cruth dorcha, sruthlíneach ag eitilt go tapaidh transa na páirce í don chuid is mó, idir limistéir faoi chrainn go minic. Tá sé i bhfad níos éasca iad a chloisint, áfach: canann an Chuach fireann ‘cuck-oo, cuck-oo’ chun a chur in iúl go bhuil sé sa réigiún, an glór céanna a dhéanann clog cuaiche!
Tá laghdú tagtha ar an méid Cuach in Éirinn, agus níl siad le feiceáil chomh minic is a bhí siad fiche nó tríocha bliana ó shin.
Tá an Chuach le feiceáil i ngach saghas tír-raoin, i limistéir faoi chrainn agus i limistéir oscailte, chomh maith le fánaí sléibhe. 'Sé an rud is suimiúil faoin Chuach ná go n-úsáideann sí neadacha éan eile: cuireann an t-éan baineann a huibheacha i neadacha éan eile. Tagann na Cuacha as an ubh roimh éiníní beaga na tuismitheoirí altramais. Chomh luath is a thagann an sicín Cuaiche as an ubh, caitheann sé na huibheacha eile as an nead.
Cad a itheann siad?
Feithidí – bratóga agus ciaróga don chuid is mó. Ní itheann an Chuach aon speiceas speisialta, ach gabhann sí na feithidí is mó atá ar fáil ina limistéar áitiúil, na feithidí atá an-éasca a aimsiú agus a ghabháil.
Neadacha na Cuach
Ní dhéanann an Chuach a nead féin a thógáil, ach úsáideann siad neadacha éan eile, mar shampla an Donnóg agus an Riabhóg mhóna. Nuair a fheiceann Cuach bhaineann nead oiriúnach, caitheann sí uibheacha an éin eile amach as an nead agus an t-éan eile imithe ón nead agus cuireann sá a ubh féin sa nead. Uaireanta, baineann na neadacha seo le héin atá i bhfad níos lú ná an sicín Cuaiche. Bíonn ar na héin ‘tuismitheora’ níos mó obair a dhéanamh chun bia a fháil don sicín ábhalmhór, mar cheapann siad gurbh é a sicín féin atá ann.
Suímh geimhrithe
Na Cuacha, a thógálann a neadacha san Eoraip, geimhríonn siad san Afraic, ar na sabhánaí de ghnáth. Ina theannta sin, geimhríonn roinnt de na héin a thagann ó iarthar na Áise san Eoraip, roinnt eile san Áise, suas go dtí an Nua-Ghuine san tAigéan Ciúin.
Líon na Cuach san Eoraip
Is speiceas láidir í an Chuach agus tá líon na Cuaiche cobhsaí go leor ann san Eoraip faoi láthair, cé go bhfuil laghdú tagtha ar an méid Cuach in Iarthar na hEorpa le déanaí anuas, go háirithe sa Fhrainc.